.comment-link {margin-left:.6em;}

Aduaidh

Focail fé thuairim i nGaoluinn.

15.8.06

Crónghiúis na Camhaoire

















Crann suimiúil is ea Metasequoia glyptostroboides. Fadó, do bhíothas an meas ann go raibh an crann so imithe in éag. Ach fuarthas coill sa tSín sna daichidí, agus anois, tá siad ag fás ar fud an domhain.

Do chuireas Crónghiúis na Camhaoire in aice le mo thighse sé bhliain ó shin, nuair a bhí sí dhá mhéadar ar airde. Anois, tá sí níos airde ná mo dhíonsa! Is breá liom í.

Tá Crónghiúis na Camhaoire le feiscint sa chrannlann is fearr chomh maith.


Tags: , ,

2 Freagraí:

At 17/8/06 10:17, Blogger Séamas Poncán said...

Tá ceann againne le b'fhéidir 10 mbliana anois. Tá siad ann timpeall páirc Argyll i mBablyon, agus i gcrannlanna ar fud na háite ar Inis Fada. Agus tá siad sna Gairdíní Hershey in PA, freisin. Is breá liom iad freisin.

 
At 17/8/06 10:41, Blogger Cionaodh said...

Fuair Arnold Arboretum roinnt Chrónghiúis na Camhaoire sna daichidí, agus bíonn siad an-ard anois.

 

Post a Comment

<< Home