Pangur Bán
Mise agus Pangur bán
gach duine againn ag a cheird ar leith:
bíonn a mheanma-san le seilg
mo mheanma féin le mo shaincheird.
Is maith liom, fearr ná gach clú,
ag mo leabhrán, ag tuiscint go dícheallach;
níl formad ag Pangur bán liom;
carann sé féin a mhac-dhán.
Nuair a bhímid, scéal gan scís,
inár dteach, an dís againn,
tá againn, cleas gan chríoch,
rud a dtugaimid ár mbeartaíocht dó.
De ghnáth, ar uairantaibh, tar éis greasaibh galacha
téann luch i bhfostú ina líonsan;
agus mé, titeann i mo líon féin
dlí deacair de chiall bhunúsach.
Greamaíonn sé i bhfraigh fáil
a rosc geal comhlán;
greamaím féin i bhféighe an fheasa
mo rosc réil, cé go bhfuil sé ana-lag.
Tá áthas air a dhul go tapa
nuair a ghleanann luch ina chrúb ghéar;
nuair a thugaim ceist dhoraidh dhil
tá áthas ormsa féin.
Cé go mbeimis go deimhin ar uaireantaibh
ní bhodhraímid a chéile:
is maith le ceachtar a dhán;
subhaigh gach aon fúthu.
Is é féin máistir dó
na hoibre a dheineann sé gach aon lá;
a thabhairt doraidh do shoiléireacht
is í m'obair féin.
(9ú haois; gan ainm)
Tags:Gaeilge, Gaoluinn