Acra Dé
Do chuas i n-éineacht lem mhac-sa thar n-ais chun áit choillteach inniubh. I n-aice leis an aerfort atá sí, agus tugann daoine "Acra Dé" uirthí (cé go bhfuil mórán acra inti!).

Do thug Solomon Parsons an fearann so do Dhia i 1840; ba Mhillerite é, agus níorbh gá leis tar éis an dara teacht Íosa -- do mheas Parsons do bheadh an eachtra san i 1844. Dá bhrí sin, do snoigh sé gníomhas i gcarraig agus d'fhan sé i n-éineacht lena lucht leanúnaí leis an dTiarna. Do tháinig an Díomá Mhór in ionad.
Tar éis tamaill, do chuaigh na Millerites do chúrsaí eile, ach d'fhág Parsons an talamh lena Dhia.
Nach deas é?
Ach níor íoc an Tiarna a chánacha riamh . . . mar sin, is le Worcester "Acra Dé" anois.
Is dócha go bhfuil sé sin go maith -- is ceantar shrianta é anois, mar tá linnte earraigh ar fud na háite ansan.
Tá Carraig an Ghníomhais ann fós, suite i measc an choill ar thaobh an chnoic (Cnoc an Nathrach Shligreach). Do bhí teampall ag na Millerites sa choill fadó, ach ní bhfaighidh an cuairteoir ach poll óna shiléar ann anois.
Tá cosáin deasa anso 's ansan ag ardú an chnoic; is breá linn a bheith istigh sa choill san fhómhar nuair a bhíonn dathanna éagsúla ar na duilleoga. Agus ní fhaighimíd aon nathair shligreach ar bith ar an gcnoc mar do fuaireadar bás go léir um 1800, buíochas le Dia.
Tags: Gaeilge, Gaoluinn
5 Freagraí:
Nuair a bhí mé ag fás anuas ba nós ag na seandaoine Acra Dé a thabhairt ar fhéar ar cholbha an bhóthair
Do thugamair "an tAcra Fada" ar an bhféar san. Do chuir roinnt daoine a mba air ag innilt ó am go ham má bhí siad bocht.
Tá mo chuimhne ag loiceadh ormsa. Is agatsa atá an ceart
Tugtar Acra Dé ar Reilig sa Ghearmáinís. (Gottesacker)
Acker?
Nach gort/achadh é sin ?
b'fhéidir gur tháinig acra uaidh !
Post a Comment
<< Home